← Léiríonn an giota seo an brú a bhí ar dhaoine Béarla a fhoghlaim agus mar a bhí an sean agus an nua ag bualadh le chéile. 🔊✎
← Smaoinigh sé, (Proinsias), ar shean-Bheagaide achan oíche de chois na tine agus í ag comhrá le duine de na comharsana a bhí istigh ag airneál. 🔊
← Bhí neart léinn aige, den chineál a bhí ar fáil ar an scoil. 🔊✎
← Thiocfadh leis aistí a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, ar theach faire agus ar lá aonaigh agus ar Naomh Pádraig. 🔊✎
← Ach scríobhadh sé litir ar dhóigh éigin, agus creidim go mbíodh an Celtic Twilight inti corruair. 🔊✎
← Agus nuair a thosaíodh sí ar Chonchúr an Dá Chaorach, nó ar Scéal Níon Rí na Binne Brice, shuíodh na páistí agus gan bogadh iontu ach ag tabhairt cluaise di. 🔊